Comhdháil CICT, An Bhreatain Bheag 2024
Beatha teanga í a labhairt: Úsáid teangacha mionlaigh agus oifigiúla a mhéadú
Tionólfar an t-ochtú comhdháil de Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga (CICT) sa Bhreatain Bheag i mbliana ar an 11 Meitheamh. Deis a bheidh sa chomhdháil fíor-thionchar na reachtaíochta teanga a scrúdú sa Bhreatain Bheag agus ar fud an tsaoil. Ina cheann ar sheisiúin phraiticiúla ina roinnfear taithí na n-institiúidí Breatnacha tabharfaidh na príomhchainteoirí seo a leanas léargais uathu:
- Raymond Théberge, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla, Ceanada
- An tOllamh Fernand de Varennes, Iar-rapóirtéir speisialta NA um cheisteanna mionlaigh
- An tOllamh Rob Dunbar, Ionadaí RA ar Choiste Saineolaithe na Cairte Eorpaí um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh
Recordings of these sessions can be found here: https://languagecommissioners.org/Videos-IALC-conference-2024.
Official photos from the conference can be found here: International Association of Language Commissioners - Gallery Page
Féach Ollamh Colin H. Williams ag cur fáilte roimh bhaill agus toscairí IALC chun na Breataine Bige:
Féadtar físeán gairid a dhéanann ceiliúradh ar bhuaicphointí na n-imeachtaí a fheiceáil anseo:
Tá an ócáid seo á reáchtáil le tacaíocht ó Rialtas na Breataine Bige.
Is féidir clárú don chomhdháil anseo: International Association of Language Commissioners’ Conference, Cymru 2024 (welshlanguagecommissioner.wales)
Is í Efa Gruffudd Jones, Coimisinéir Teanga na Breatnaise, cathaoirleach reatha CICT. Reachtáladh an chomhdháil go deireanach sa Bhreatain Bheag in 2017.
Seoladh Oifigiúil Chomhdháil CICT
Reachtálfar seoladh roimh an gcomhdháil ar an 10 Meitheamh i Mórionad Chuan Caerdydd. Ag an seoladh, déanfar ceiliúradh ar bhunú CICT deich mbliana ó shin i gcuideachta:
- Efa Gruffudd Jones, Coimisinéir Teanga na Breatnaise agus cathaoirleach CICT
- Delyth Jewell MS, Cathaoirleach, An Coiste Cultúir, Cumarsáide, Breatnaise, Spóirt agus Gnóthaí Idirnáisiúnta
- An tOllamh Fernand de Varennes, Iar-rapóirtéir speisialta NA um cheisteanna mionlaigh
Léifidh an file iomráiteach Mererid Hopwood dán a coimisiúnaíodh go speisialta don seoladh agus beidh ceol ón gcumadóir agus ceoltóir Gwilym Bowen Rhys agus ó chór Ysgol Hamadryad.
Tugtar faoi deara nach mór cuireadh a fháil chun freastal ar an seoladh.
Tá an seoladh á urrú ag Delyth Jewell MS.
Gabhtar buíochas speisialta le Darwin Gray as féile a gcuid tacaíochta don ócáid.