Oifig an Choimisinéara Teanga, Éire
I dTAOBH an CHOMHALTA
Tá Rónán Ó Domhnaill ceaptha go hoifigiúil ina Choimisinéir Teanga ón 12 Márta 2014. Uachtarán na hÉireann a cheap é tar éis dó a bheith ainmnithe ag an Rialtas. Ghlac Tithe an Oireachtais (Dáil Éireann agus Seanad Éireann) leis an ainmniúchán sin d'aon ghuth.
chaith Rónán sé bliana déag mar iriseoir leis an gcraoltóir náisiúnta in Éirinn RTÉ. Chaith sé ocht mbliana ag obair mar iriseoir le Nuacht TG4/RTÉ sular ghlac sé ról le hAonad Polaitíochta RTÉ. Bliain ina dhiaidh sin, in 2006, ceapadh é mar Chomhfhreagraí Polaitíochta le Nuacht TG4/RTÉ. I dteannta anailís a dhéanamh ar mhórscéalta polaitíochta náisiúnta, agus béim faoi leith ar scéalta maidir le cearta teanga agus reachtaíocht maidir le cur chun cinn na Gaeilge, chaith Rónán seal mar láithreoir ar chláir pholaitíochta ar nós The Week in Politics agus Leaders Questions.
I measc na scéalta nuachta atá clúdaithe go cuimsitheach ag Rónán Ó Domhnaill tá foilsiú Acht na dTeangacha Oifigiúla chomh maith leis an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030.
I dTAOBH OIFIG an CHOMHALTA
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga in 2004 faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta sin ag comhlachtaí poiblí. Is é bunchuspóir an Achta go mbeadh breis seirbhísí ar ardchaighdeán ar fáil trí Ghaeilge ón tseirbhís phoiblí. Fiosraíonn Oifig an Choimisinéara Teanga gearáin ón bpobal i gcásanna ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a comhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus/nó le haon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.
Seoltar tuarascáil i scríbhinn faoi gach uile imscrúdú mar aon le fionnachtana agus moltaí chuig an Aire Ealaíon, Oidhreachta Gnóthaí, Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, chuig an gcomhlacht poiblí agus chuig an ngearánach. Is féidir le haon duine a ndéanann torthaí an imscrúdaithe difear dó nó di achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí laistigh de cheithre seachtaine.
Déanann Oifig an Choimisinéara Teanga faireachán ar an gcaoi a bhfuil forálacha an Achta agus a gcuid scéimeanna reachtúla teanga á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí. Cuireann an Oifig comhairle ar fáil don phobal maidir lena gcearta teanga agus cuirtear comhairle ar fáil freisin do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga faoin Acht.
FAISNÉIS BHUNRIACHTANACH AR STÁDAS NA dTEANGACHA SA TÍR
Tá dhá theanga oifigiúla in Éirinn - Gaeilge agus Béarla. De réir an Bhunreachta, is í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil ‘ós í an teanga náisiúnta í.’ Glactar leis an mBéarla mar theanga náisiúnta eile. Go praiticiúil, áfach, is minic nach ndéantaí aon soláthar éifeachtach do sheirbhísí i nGaeilge. Bhraith daoine ar mhian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Stát nach raibh an dara rogha acu ach a gcearta bunreachtúla fhágáil ar leataobh agus dul i muinín an Bhéarla lena ngnó a dhéanamh go héifeachtach. Bhí sé mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 cur le líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge ó na comhlachtaí poiblí.
Is í an Ghaeilge teanga dhúchasach na hÉireann agus bhí sí á labhairt ag móramh an phobail anuas go lár an 19ú céad. Tá sí á labhairt fós mar theanga phobail sna ceantair Ghaeltachta, suite ar an gcósta thiar den chuid is mó. In 2007, léirigh staidéar teangeolaíoch go raibh an Ghaeilge ina príomhtheanga phobail agus theaghlaigh i 24 de na 154 toghroinn atá sa Ghaeltacht.
Lasmuigh den Ghaeltacht, labhraítear an Ghaeilge mar theanga mhionlaigh ar fud na hÉireann. Dar le Daonáireamh 2011, dúirt 1.77 milliún duine (41% den daonra) os cionn trí bliana d’aois go bhfuil labhairt na Gaeilge acu (méadú 7.1% ar an bhfigiúr in 2006). Dúirt 77,185 duine go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais (méadú 5,057 ar an bhfigiúr in 2006).
Tugann tuarascálacha bliantúla Oifig an Choimisinéara Teanga mionchuntas ar obair na hOifige ó bunaíodh í in 2004. Tá fáil ar na tuarascálacha ag www.coimisineir.ie/foilseachain.