MENU

Comhdháil an IALC, Éire 2026

Beidh an naoú comhdháil de chuid Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga (IALC) ar siúl i nGaillimh, Éire, idir an 8 agus an 10 Meán Fómhair
2026. Deis a bheidh sa chomhdháil do bhaill IALC eolas a phlé agus a chomhroinnt i ndáil le ceisteanna tábhachtacha a bhaineann le cearta teanga ar fud an domhain agus plé a dhéanamh ar bhealaí éifeachtacha a réitithe. Ar phríomhthopaicí na comhdhála, beidh múnlaí seachadta seirbhísí poiblí a ailíniú le  riachtanais pobail teanga mionlaigh; caighdeáin teanga agus an tairiscint ghníomhach; cearta Gaeilge a threisiú de bhua na  fógraíochta tráchtála; agus cearta
teanga san Aontas Eorpach, ó aitheantas náisiúnta go rannpháirteachas ar leibhéal an AE. 

Tá eolas breise ar sceideal agus ar chainteoirí na comhdhála le fáil ó eolas@coimisineir.ie