MENU

Cathaoirleach nua ar an IALC

An tUas. Séamas Ó Concheanainn

Toghadh an tUas. Séamas Ó Concheanainn, An Coimisinéir Teanga (Éire), ina Chathaoirleach ar an IALC i mí an Mheithimh 2025. Reáchtálfaidh a oifig-sean, Oifig an Choimisinéara Teanga, comhdháil idirnáisiúnta an IALC i nGaillimh idir an 8 agus an 10 Meán Fómhair 2026. Bhí an méid seo le rá ag an gCoimisinéir Teanga tráth a cheaptha:

“Ó bunaíodh an IALC i mí na Bealtaine 2013, tá an cumann i mbun cearta teanga, an comhionannas agus an éagsúlacht a chur chun cinn ar fud an domhain, agus muid ag tacú le coimisinéirí teanga d’fhonn ardchaighdeáin ghairme a chothú. Déanann an IALC idirghabháil ar son cearta teanga mionlach agus tugann sé tacaíocht do theangacha dúchais agus do theangacha a labhraítear níos  forleithne araon i gcúinsí éagsúla teanga. Is aidhm chroíláir an chumainn é cearta teanga a chosaint agus a threisiú chun a chinntiú go gcaomhnófar na teangacha sin do na glúine atá le teacht agus go gcaomhnóidh na glúine sin iad amach anseo.

Táimid ag tnúth le fáilte a chur romhaibh go Gaillimh do Chomhdháil Idirnáisiúnta 2026 an IALC d’fhonn cur leis an obair thábhachtach seo. Tá mé meáite ar chearta teanga a chosaint agus a threisiú agus a chinntiú go gcaomhnófar na teangacha sin do na glúine atá le teacht agus go gcaomhnóidh na glúine sin iad amach anseo. Leanfaidh an IALC d’fheasacht a mhéadú ar fud an domhain ar na dúshláin atá roimh phobail teangacha mionlaigh agus d’fhóram a chur ar fáil chun eispéiris agus eolas a chomhroinnt idir na baill,’

a dúirt an Cathaoirleach agus é ag caint ar Chomhdháil Idirnáisiúnta 2026.

An tUas. Séamas Ó Concheanainn