MENU

Rialacha

  1. Ainm
    Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga
    an t-ainm a bheidh ar an gCumann.
  2. Cuspóirí
    Is iad cuspóirí an Chumainn:
    • Cearta, an comhionannas agus an éagsúlacht i gcúrsaí teanga a chur chun cinn agus tacú leo;
    • Taithí, léargais agus naisc idir oifigí coimisinéirí teanga a chomhroinnt;
    • Malartú faisnéise agus comhfhoghlaim idir oifigí coimisinéirí teanga a chur chun cinn, agus dóigheanna a chur ar fáil do na baill na cleachtais is fearr agus eolas níos leithne agus níos doimhne ar na hiarrachtaí atá ar bun le cearta teanga a chosaint a chur chun tosaigh;
    • Feasacht agus tuiscint ar ról agus ar luach na gCoimisinéirí Teanga a fheabhsú i measc Rialtas, gníomhaireachtaí stáit, an lucht acadúil, na meán agus an phobail mhóir;
    • Critéir a bhaineann le haithint oifigí coimisinéirí teanga ag an gCumann a shainmhíniú, a fhoilsiú agus a choinneáil faoi athbhreithniú, agus iad siúd ar fud an domhain a chomhlíonann na critéir shainithe aitheanta do choimisinéirí teanga a aithint;
    • Tacaíocht a thabhairt do réigiúin ar mian leo coimisinéir teanga a bhunú nó a gcearta teanga a chur chun tosaigh;
    • Oiliúint, forbairt agus deiseanna malartaithe oibre a chomhroinnt;
    • Fianaise atá bunaithe ar thaighde a chomhroinnt d'fhonn cearta teanga a chur chun tosaigh.
  3. Sainmhíniú
    Tabharfar ballraíocht sa Chumann:
    1. do Choimisinéir Teanga ar bith a ndearnadh ionadaíocht air nó uirthi ag cruinniú tionscnaimh an Chumainn i mBaile Átha Cliath, Éire ar 24 Bealtaine 2013 agus a aontaíonn le rialacha an Chumainn.
    2. d’oifig Coimisinéara Teanga ar bith ina dhiaidh sin a n-aithníonn an Cumann Critéir an Chumainn maidir le hAithint Oifigí Coimisinéirí Teanga a bheith comhlíonta aici. Tá na Critéir le fáil san Iarscríbhinn.
  4. Oifigigh
    1. Beidh Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach ar an gCumann. Is ball den Chumann a bheidh ina Chathaoirleach nó ina Cathaoirleach, agus ina Leaschathaoirleach. Is í foireann oifig an Chathaoirligh a chuirfidh seirbhísí rúnaíochta agus riaracháin ar fáil.
    2. Déanfaidh Baill an Chumainn an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach a mholadh go hindibhidiúil ag an gCruinniú Bliantúil agus is iad Baill an Chumainn a chuideoidh leis an moladh agus a thoghfaidh an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach. Beidh an bheirt acu in oifig go dtí deireadh an chéad Chruinnithe Bhliantúil eile, tráth a n-éireoidh sé nó sí as an ról. Sa chás ina n-éireoidh duine as an ról, is faoin gCumann atá sé an folúntas a líonadh de réir mar is mian leis. Féadfar Cathaoirleach nó Leaschathaoirleach atá ag éirí as a atoghadh don dara téarma, ach ní chaithfidh sé nó sí níos mó ná dhá théarma leantacha sna róil sin. Déanfar cinntí bunaithe ar vótaí thromlach na mball a bheidh i láthair.
    3. Féadfaidh an Cumann tuilleadh oifigeach – suas le ceathrar acu – a cheapadh de réir mar is gá in am is i dtráth.
  5. Ballraíocht
    1. Beidh cinntí faoi bhallraíocht bunaithe ar na Rialacha reatha agus ar chritéir an Chumainn maidir le hAithint Oifigí Coimisinéirí Teanga. Tá na critéir le fáil san iarscríbhinn.
    2. Déanfaidh an Cumann cinneadh faoi iarratais ar bhallraíocht ina dhiaidh sin trí vóta tromlaigh na mball a bheidh i láthair.
    3. Coinneoidh an Rúnaíocht liosta de Bhaill an Chumainn a bheidh cothrom le dáta.
  6. Síntiús
    1. Íocfaidh gach Ball síntiús ainmniúil aon uaire ar fiú €10 é lena mballraíocht a thaifeadadh.
    2. Sa chás ina dtiocfaidh an cheist chun cinn, socróidh an Cumann ó am go chéile cá mhéad a bheidh le híoc i dtaca le síntiúis ar bith eile.
  7. Éirí As
    Tiocfaidh deireadh le ballraíocht Baill sa chás ina dtabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn don Chumann go bhfuil sé nó sí le héirí as.
  8. Díbirt
    Beidh sé de chumhacht ag an gCumann Ball a dhíbirt nuair is dóigh leis nach gcomhlíonann an Ball sin na critéir aitheanta níos mó faoi choinne ballraíochta. Beidh tromlach de dhá thrian na mball ag teastáil i gcás díbeartha.
  9. Cruinniú Bliantúil
    1. Beidh Cruinniú Bliantúil ag an gCumann gach bliain agus buailfidh na baill le chéile go pearsanta nó trí mhodh leictreonach leis na gnóthaí seo a leanas a chur i gcrích:
      1. Gheofar tuarascáil an Chathaoirligh agus tabharfar tuairisc ar ghníomhaíochtaí an Chumainn sa bhliain roimhe sin;
      2. Toghfar an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach don bhliain atá le teacht;
      3. Comhaontófar plean oibre an Chumainn don bhliain atá le teacht;
      4. Déanfar comhaontú maidir le gnó ábhartha ar bith a chuirfidh cuspóirí an Chumainn chun tosaigh.
    2. Scríobhfaidh an Rúnaíocht, nó ball den Chumann sa chás nach bhfuil an Rúnaí i láthair, miontuairiscí ag an gCruinniú Bliantúil agus dáilfear iad taobh istigh de mhí amháin de dháta an chruinnithe.
    3. Is féidir cuireadh a thabhairt d’iarchoimisinéir nó d’ombudsman nó d’acadóir aitheanta freastal ar an gCruinniú Bliantúil nó ar chruinnithe eile de chuid an Chumainn sa chás inar dóigh leis an gCumann gur féidir leis an duine sin cur lena obair. Is féidir cuireadh a thabhairt freisin do státseirbhísigh ardleibhéil ó thíortha ilteangacha a bhfuil spéis dhearfach léirithe acu i ról an Choimisinéara Teanga.
  10. Teangacha
    Is é an Béarla teanga oibre an Chumainn agus cuirfidh na baill a dteangacha oifigiúla féin ar na cáipéisí bunaithe. Cuirfidh na Baill ábhar aontaithe ar fáil ina dteanga oifigiúil nó ina rogha teangacha agus cuirfear é ar shuíomh gréasáin an chumainn. Is i mBéarla agus i dteangacha oifigiúla an dlínse óstaigh a bheidh comhdhálacha an Chumainn.
  11. Rialacha agus Critéir a Leasú
    1. Is féidir na Rialacha agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha a leasú ag Cruinniú Bliantúil  trí rún ach tromlach na mball atá i láthair glacadh leis an rún sin.
    2. Beidh feidhm le leasú ar bith a dhéanfar ar na rialacha nó ar an sceideal láithreach i ndiaidh don Chumann glacadh leis, ach amháin sa chás ina gcuirfidh an Cumann a mhalairt in iúl.

IARSCRÍBHINN LEIS NA RIALACHA

CRITÉIR MAIDIR LE HAITHINT BALLRAÍOCHTA

Riachtanais do Bhallraíocht
Prionsabail Treorach

Bronnfaidh an Cumann aitheantas mar Choimisinéir Teanga agus mar Bhall den Chumann ar na comhlachtaí sin a bhfuil ceann ar bith nó gach ceann de na nithe seo a leanas mar chuid den ról acu: gearáin teanga a fhiosrú agus a réiteach, nó cinntí nó moltaí fúthu a dhéanamh, sa chás inar Oifig é an comhlacht a bhfuil sé de chumhacht aige fiosrúcháin a dhéanamh ar an eagras a ndearnadh gearán faoi. Bronnfar aitheantas freisin ar na comhlachtaí sin a bhíonn ag feidhmiú mar sheirbhísí comhlíontachta nó comhairleacha maidir le cearta agus oibleagáidí teanga.

Ní gá go mbeadh na focail ‘Coimisinéir Teanga’ luaite sna teidil atá ar bhaill an Chumainn. Ní dhiúltóidh an Cumann ballraíocht d’ombudsmana ná d'oifigí comhchosúla eile a bhfuil seirbhísí láimhseála gearán nó seirbhísí comhlíontachta mar chuid thábhachtach dá mandáid acu nó a bhfuil gné shuntasach dá gcuid oibre dírithe ar chearta teanga.

Critéir

Is iad seo a leanas príomhchritéir an Chumainn maidir le hAithint Oifigí Coimisinéirí Teanga:

Ról – tá ról mar ombudsman ag an oifig nó cuireann sí seirbhísí comhlíontachta nó comhairleacha maidir le cearta agus oibleagáidí teanga ar fáil
Neamhspleáchas – tá neamhspleáchas ag an oifig agus a feidhmeanna á ndéanamh aici
Cothroime – tá an chothroime mar chroíluach ag an oifig
Oscailteacht – bíonn feidhmiú na hoifige trédhearcach
Cuntasacht – tá an oifig cuntasach don phobal nó don pharlaimint chuí

Rialachas

Bíonn an Cumann ag súil go ndéanfaidh Oifigí Coimisinéirí Teanga de réir na ngnáthchleachtas atá seanbhunaithe agus de réir phrionsabal an dea-rialachais agus a bhfeidhmeanna á ndéanamh acu de réir a mandáide reachtúla.

Aithint

Is faoin gCumann atá sé a shocrú cé acu atá nó nach bhfuil na critéir aitheanta maidir le Ballraíocht sa Chumann comhlíonta ag Oifig Coimisinéara Teanga.